Tá áthas ar Áras na Scríbhneoirí Comórtas Liam Mhic
Uistin sa Ghearrscéalaíocht 2013 a fhógairt. Is scríbhneoir aitheanta é Liam Mac Uistin a bhfuil gaol fada
aige le hÁras na Scríbhneoirí agus le Comhar na Scríbhneoirí agus tá an
comórtas seo á sheoladh in ómós dó. Is do scríbhneoirí óga agus úra na Gaeilge an comórtas seo, sé
sin scríbhneoirí nach bhfuil aon leabhar foilsithe acu go dtí seo. Níl aon
táille ag baint le cur isteach ar an gcomórtas. Mícheál Ó Conghaile a dhéanfaidh moltóireacht ar an gcomórtas seo. Is é Clár na Leabhar Gaeilge, Ráth Cairn, Áth Buí,
Co. na Mí a dhéanfaidh urraíocht ar Chomórtas Gearrscéalta Mhic Uistin.
Duaiseanna
An Chéad Duais - €500
An Dara Duais - €250
Foilseofar na buaiteoirí san iris Feasta.
Ceisteanna chuig Aoife ag info@writerscentre.ie.