17.6.10

Eagrán Nua de An Gael


Tá an t-eagrán nua ar fáil anois! Lán de litríocht!


Seo a bhfuil istigh:

  • Eagarfhocal

  • Dánta le Doireann Ní Ghríofa

  • Tórramh an Phúncáin le Muiris Ó Bric

  • Lá Aonaigh i gCill Cheallaigh le Máire Ní Mhaolagáin

  • Paappana le Panu Petteri Höglund

  • Scéalta Beaga na Síog (is Mo Dhaidí) le Deirdre Ní Fhaoláin

  • Cailliúint Creidimh le Séamas Ó Neachtain

  • Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh

  • Dánta le Bernard DeBrún

  • Fonn an Phíobaire le Lugh DePaor

  • Ón Anallód

Beidh sé ar fáil ó http://www.litriocht.com/ faoi cheann tamaillín (tá siad sa phost) - agus tá roinnt eagráin eile acu fós, freisin. Bíonn gach eagrán ar fáil i Meiriceá, i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe ag http://magcloud.com/browse/Magazine/13595


Tá gach eolas faoin iris ar fáil ag http://www.angaelmagazine.com/. Scríobh dúinn!



14.6.10

COMHAR: Eagrán na Scríbhneoirí Úra 2010 - Ábhar á Lorg


Foilseofar COMHAR: Eagrán na Scríbhneoirí Úra i mí Mheán Fómhair na bliana seo. Bhí an-rath ar eagrán na bliana seo caite ach ba mhaith linn eagrán níos fearr a chur i gcló i mbliana. Mar sin, tá dánta, aistí, gearrscéalta, gné-ailt, agallaimh agus léirmheasanna ar leabhair nua á lorg againn ó scríbhneoirí úra is óga na Gaeilge. Is féidir smaointe a chur chugainn freisin.
Má tá spéis agat sna nithe thuasluaite, seol ríomhphost chuig scribhneoiri.oga@gmail.com chomh luath agus is féidir.