31.1.09

Litríocht na nÓg


Beidh comhdháil ar Litríocht na nÓg in Éirinn (as Gaeilge agus as Béarla) á reáchtáil ag an gCumann Éireannach um Staidéar ar Litríocht na nÓg i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ar an 6-7 Feabhra 2009. Le haghaidh tuilleadh eolais féach: www.isscl.com/conference.htm

30.1.09

Gaelg : Gaeilge Mhanainn





Is fiú súil a chaitheamh ar an suíomh seo d'fhoghlaimeoirí 'Gaelg"- Gaeilge Mhanainn@
http://www.learnmanx.com/

Tá iris mhíosúil ag an suíomh seo leis http://www.learnmanx.com/cms/news_index_all.html
Is féidir féachaint ar bhlag sa Mhanannais @ http://blognygaelgey.blogspot.com/

29.1.09

Cultúr na Gaeilge: Léacht Poiblí

Dé Luain, 2 Feabhra @ 8.00pm

Tabharfaidh Máirín Nic Eoin an chéad léacht eile sa tsraith "Léachtanna Seamus Heaney" ar an Luain, 2 Feabhra @ 8.00 pm i gColáiste Phádraig, Drom Conrach. Is é teideal an léachta ná


'Cultúr na Gaeilge nó Pobal na Gaeilge? Irish Language Identity from Douglas Hyde to Des Bishop'

Tuilleadh sonraí:

Caifé Cois Life

Liam Ó Muirthile agus Colm Breathnach
Dé Céadaoin 28 Eanáir @ 8.00pm

Beidh na filí Liam Ó Muirthile agus Colm Breathnach ag léamh sa Caifé Cois Life.
Is iad Tristan Rosenstock, Damien Stenson agus Paul Finn aoi-cheoltóirí na hoíche. Tugann an comhlucht léiriúchán Scéal Eile cuireadh duit bheith i láthair.
Foras na Gaeilge, 7, Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2

T: 087 7443037 / 087 74159355

28.1.09

Nuacht ó Ghaleport

Dé Céadaoin seo caite, bhí oíche an-taitneamhach go deo ar siúl ag an gCaife Cois Life i gCeannáras Fhoras na Gaeilge. Ba iad na filí Tadhg Ó Dúshláine agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhí i mbun a gcuid filíochta a léamh ar an oíche.
Is as Corcaigh do Thadhg Ó Dúshláine, is gearrscéalaí, file agus fear taighde é. Tá lear mór foilsithe aige ar litríocht na Gaeilge. Is léachtóir le Gaeilge é in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ó 1978. Tá stíl filíochta an-chomhaimseartha ag Tadhg, agus eilimintí den ghreann fite fuaite le linn a chuid filíochta aige.

Is as Ciarraí d’Ailbhe Ní Ghearbhuigh, foilsíodh a céad chnuasach filíochta, Péacadh anuraidh. Thaistil Ailbhe chuig Albain an fómhar seo caite, mar chuid de Thuras na bhFilí, malartú cultúrtha idir Éirinn agus Albain a eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. D’inis Ailbhe scéal faoi gach dán sular léigh sí iad, agus ba dheas go raibh tuiscint ag an lucht éisteachta ar na laethanta a chaith sí in Bordeaux agus in Harlem, mar gur chruthaigh sé seo comhthéacs do na dánta a rinne cur síos ar thaithí Ailbhe agus í ag cónaí thar lear.

Ní filíocht amháin a bhí le cloisteáil ar an oíche, bhí Pól Ó Seachnasaigh agus Mick O’Brien mar aoi-cheoltóirí na hoíche, rud a thug an-éagsúlacht don oíche. Beidh an oíche dheireanach de shraith Chaife Cois Life ar siúl an Chéadaoin seo chugainn ag 8i.n., is iad Liam Ó Muirthile agus Colm Breathnach a bheidh ag léamh a gcuid filíochta agus beidh Tristan Rosenstock, Damien Stenson agus Paul Finn mar aoi-cheoltóirí na hoíche.


Déantar Caife Cois Life a thaifeadadh beo, agus craoltar é ar Raidió na Life 106.4FM. Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Chaife Cois Life, ach glaoch a chur ar Mhairéad Uí Dhomhnaill ar 087-7443037.

Ceardlann Scríbhneoireachta


Ceardlann Scríbhneoireachta :
Ionad: Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, Satharn, 21 Feabhra 2009.
10.30a.m. – 5.00p.m.

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh an chéad cheardlann lae eile ar siúl in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ag na Scríbhneoirí Gaeilge, ar an Satharn, 21 Feabhra: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m. mar is gnách.

Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe, teorainneofar a líon do naonúr an dreas seo. Táille cláraithe 20 euro, mic léinn 5 euro, lón san áireamh sa táille, 1.00p.m. – 2.15p.m.
N.B. Cóipeanna den saothar atá le plé: 3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile, go dtí:
43 Na Cluainte,
Trá Lí,
Co. Chiarraí.

Mar ríomhphost is ansa linn a leithéid a fháil ag: feasta@eircom.net

Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA. Ba mhaith suimiú gearr ar struchtúr an úrscéil / dráma a bheith leis an ngiota féin, i dtreo gur féidir an t-iomlán a sheoladh thart ar na rannpháirtithe tamall maith roimh lá na ceardlainne féin.

Pádraig Mac Fhearghusa,
43 Na Cluainte,
Trá Lí.

21.1.09

Tadhg Ó Dúshláine agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Tadhg Ó Dúshláine agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh :Dé Céadaoin 21 Eanáir @ 8.00pm

Beidh na filí Tadhg Ó Dúshláine agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag léamh sa Caifé Cois Life. Is iad Pól Ó Seachnasaigh agus Mick O' Brien aoi-cheoltóirí na hoíche. Tugann an comhlucht léiriúchán Scéal Eile cuireadh duit bheith i láthair.Foras na Gaeilge, 7, Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2

T: 087 7443037 / 087 74159355

Ceòl 's Craic

Tha Ceòl 's Craic ag obair le Colmcille agus Celtic Connections gus feis trì làithean de cheòl agus bùthan-obrach a chur air dòigh. Còmhla ri sin, ann an co-obrachadh le MG Alba, bidh Film 's Craic ann, feis film a chomharraicheas na tàlantan cruthachail ann am film agus Tbh Gàidhlig. Bidh cothrom ann cuideachd èisteachd ri óraidean agus desbadan bho dhealbhadairean film agus filmichean tasglainn fhaicinn agus eile.Bidh a h-uile rud a' gabhail àite aig a' CCA, 350 Sràid Sauchiehall, Glaschu.Airson tiocaidean no tuilleadh fiosrachaidh 0141 353 8000 no cliog an seo

Tá Ceol 's Craic ag obair i gcomhar le Colmcille agus Celtic Connections chun féile trí lá de cheol agus ceardlanna a chur ar bun ón 22-24 den mhí seo. Anuas ar sin- i gcomhar le MG Alba -beidh Film 's Craic ar siúl, féile scannánaíochta a dhéanfaidh ceiliúradh ar an dtallann cruthaíoch atá ag saothrú i ngort na scannaíochta agus na teilifíse i nGaeilge na hAlban. Beidh deis ag daoine éisteacht le léachtaí agus neart díospóireachta ó dhaoine atá ag obair i réimse na meáin in Alba.

Beidh na himeachtaí uile ar siúl ag CCA, 350 Sráid Sauchiehall, Glachú. D'fhonn ticéidí a fháil nó má tá tuilleadh eolais uait glaoigh ar 00 141 353 8000 nó cliog an seo.


Beidh ceardlann saor in aisce i nGaeilge na hAlban leis mar chuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl i gcaitheamh na féile.




19.1.09

Comhar na míosa seo

Tá gearrscéal liomsa san iris an mhí seo. Scéal greannmhar faoi dhaoine i gcomhaois liomsa is ea é, agus iad ag iarraidh fós a bheith ina raic-réaltaí. Páistí an Diabhail an teidil atá air - sin ainm a mbuíon ceoil.

Léamh filíochta eagraithe ag Poetry Ireland


Dé Máirt, 20 Eanáir 6.30pm - 8.30pm


I measc na ndaoine a bheidh ag léamh: Evelyn Conlon, John F Deane, Anne Enright, Hugo Hamilton, Seamus Heaney, Ronit Lentin, Michael Longley, Susan McKay, Lia Mills, Judith Mok, Eiléan Ní Chuilleanáin, Nuala Ní Dhomhnaill, Éilís Ní Dhuibhne, Mary O'Donnell, Peter Sirr, Colm Tóibín, and Macdara Woods.


Beidh an léamh seo saor in aisce agus NÍ FÉidir ticéidí a chur in áirithe

St Anne's Church, Dawson St, D2.

14.1.09

Biddy Jenkinson agus Pádraig Ó Snodaigh

Biddy Jenkinson agus Pádraig Ó Snodaigh

Dé Céadaoin 14 Eanáir @ 8.00pm

Beidh na filí Biddy Jenkinson agus Pádraig Ó Snodaigh ag léamh sa Caifé Cois Life. Is iad Rónán Ó Snodaigh agus Mick O' Brien aoi-cheoltóirí na hoíche. Tugann an comhlucht léiriúcháin Scéal Eile cuireadh duit bheith i láthair.

Foras na Gaeilge, 7, Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2
T: 087 7443037 / 087 74159355

Duais Cholmcille 2009

Duais Cholmcille 2009
Arís i mbliana, le tacaíocht Colmcille, beidh an duais is luachmhaire atá ar fáil do dhán i nGaeilge nó i nGàidhlig á thairiscint ag Féile Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí. Tá príomhdhuais €4,000 á thairiscint, dara duais €2,000 agus triú duais €1,000. Chomh maith leis sin beidh táille léitheoireachta agus taistil €450 ar fáil don dtriúr eile ar an ngearrliosta. Is í an tOllamh Maire Ní Annracháin a bheidh ina moltóir.Am bliadhna a rithist, le taic bho Colmcille, bi an duais is luachmoire th' ann ga thairgsinn airson bàrdachd ann an Gaidhig no Gaeilge aig Féis Bhàrdachd Eadarnaiseanta Bheal Atha na mBuilli ann an Eirinn. Tha duaisean luach €4000, €2000 agus €1000 gan tairgsinn airson dàn nach eil nas fhaide na 70 loighne. Gheibh trì bàird a bharrachd, a tha air am moladh, tuarasdal leughaidh agus taic siubhail luach €450. Is i an t-Ollamh Maire Ni Annrachain a bhios na britheamh air an fharpais
Latha-deireannach; 22 Faoilleach 2009 Spriocdáta iontrála 22 Eanáir 2009
Foirmeacha iontrála ag http://www.strokestownpoetry.org/ <http://www.strokestownpoetry.org/> nó ón seoladh thíos:-Strokestown Poetry Festival Office, Béal Átha na mBuillí / Strokestown, Co. Ros Comáin, Éire. Tel: 071 9633759 (thar lear +353 71 9633759 )nó 087 2361794 ( +353 87 2361794 )

11.1.09

Ceardlanna Scríbhneoireachta i nGaillimh

Beidh dhá cheardlann ar siúl i mí Eanáir in Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude, Gaillimh.
'Ag Scríobh don Teilifís: Cúrsa Tosaigh' le Ailbhe Nic Giolla Bhríghde, scríbhneoir agus snaitheoir scéil do léiriúcháin ar nós Ros na Rún, Afraic agus Seacht.
Beidh ceardlann eile á stiúradh ag Diarmuid de Faoite, aisteoir, scríbhneoir, léiritheoir agus feidhmeannach le haghaidh na dTaibh-Ealaíon, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Beidh táille €20 ar an gceardlann seo.
Tuilleadh eolais le fail ó Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude, 27 Oileán Ealtanach, 091 533594/087.2178138 nó westernwriters@eircom.net nó twwc.ie.