9.10.08

Tochmharc Fhinn agus an Bradán Feasa le Muiris Ó Meara

Lá agus uair dá raibh, bhí Fionn amuigh go moch ar maidin ag iascach dó féinig ar bhruach Mhúin Mhóire agus an mhaidin so ach go háirithe bhí sé nach mór leata leis an bhfuacht. Bhí a mhaide teanntaithe go maith agus fáiscthe ina dhorn aige agus é ag slataireacht riamh is choíche d’iarraidh a bhoilsc- a bhí ag bun a mhaide mar bhaoite aige -bhí sé d'iarraidh san a ghreamú isteach sa mBurdhúch Fis. Ní raibh rath ar an obair so in aon chor, nó ar chor ar bith agus d’éirigh sé cortha di 'gus dhein éan corr de féin nuair a thug sé faoin gcor beirte. Nuair a bhí an t-allas leis ina slaodanna, tháinig an chaint so uaidh go hola-Chathail-Gónach.

“Aire, fochma is fochma ‘gus fochmí anyways! Táim leata anso leis an bhfuacht ‘gus na fochmí so arm’ bhallaibh. Is ar ball fearga a bheas chugham, go brúchtach caoldíreach, mara ngreamód mo bhoilsc ceangailte fén mBurdhúch Fis.”

Bhí cáil ar an murdhúch Feise ar fuaid na hÉireann, mar ritheann, sna ceithre harda, trí chéile, ó cheann ceann na tíre agus thar n-ais arís go Ceann Léime, is ó Dhairbhre go Cabrach Life, achar ghairid ó Dhún Éadainn, ó Dhún Stórs go bun Dún Mór, sa ghúna a chaithis aréir don mbéile. Creidtí is deirtí coitianta sa timpeall nach dtiocfadh lagachar choíche ar mhaide an slataire a ghreamódh an breac so féna bhoilsc. Leath teist Mhúin Mhóire amach ina leacht leis na sealgairí agus na hiascairí a bhíodh sna heiscirí ag seilgean is ag teilgean ar bhruacha na habhann.

Iomthúsa Fhinn: Is é a bhí ciaptha, cráite, craplaithe lena fhochmí go dtáinig Oisín Mac Fhinn, Goll Mac Mórna is Goll Uí Mhuir TreabhIlich (agus a dheartháir Ivan) don láthair. Labhair James mac Oisín Mac 'am Phersonator:

“Cad é an chiall atá let’ mhochéirí a Fhinn? Nó canathaobh go bhfuileann tú san uaigneas mar seo go Conán Maolchluasach? Caithfidh gur Dhingle rud éicint do fancy go mbeifeá deoranta maidin Bhealtaine Ronniedrúchta uainn.”

D'fhreagair Fionn:

“Ní Tochmharc atá uaim
nó cailín ' chuideodh mé
chun suan, ach fochmí a mhic,
sin uile agam ort mar éileamh.
Agus fágaim a fhachain ortsa.”

Labahir Oisín :“Ah here now Fionn, I don’t think your senses are in, in the name of all that’s Holy, in the name of JayZeus! Ní Spartanaigh sinn agus in ainm Chroim ní fhéadfainn an t-éileamh san uait riamh a shásamh”.

D'fhreagair Fionn go fileata:

“A mhac, a ghrá mo chléibh,
níor thógtha ort an stéibh
ach ná bac tóraíocht Mhéadhb
nó táinte ' Fhiannachtaigh.

Labharfad 'nois óm chroí,
ó bhuail na fochmí me,
mo bhallaibh 'tá bórrtha
is mo leathar créachta.

A mhac ná seas go glic,
ach bailigh 'mach, a phrioc
Ó thaibhreamh meadrachta
go bólaí na bhFreudach".

????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????? ?????????????????
???????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????



Taibhreamh an Fhrithgoibín Éiscigh

An mhaidin chéanna níor dhúisigh an Státseirbhíseach áirithe seo le hamharscanach an lae nuair a thosaigh an coileach is an gealbhan ag giolcadh. É seo níor dhein aon nath desna gártha is níor bhraith sé na mílte móra a bhí ag béiceach is ag liúraigh ó chéadbhreacadh an bháirín go dtí gur ghlaoigh a mhaicín Broc air óir bhí an Domhnach chucu arís. Bhí mar bhéas ag an Stát searbhaoiseach seo codladh go headra agus idir eatartha bhíodh sé so-sáimhíneach snog ag taibhreamh chuige féin. Go hobann, theith an taibhreamh uaidh ach bhí an státseirbhíseach sásta leis an oscailt seanachaite, clichéite athchúrsáilte seo, óir bíonn pléisiúr sa ní atá aithnidiúil... Fiú do bhoilsc féin.

Ach nuair a deirim gur dhúisigh sé tuigfear ná fuil i gceist leis an nduaiseacht so trí chéile ach caint mheafarach. Státseirbhíseach seanabhunaithe dob ea é, an tseanamhúnla, seanaslis ón seanamhaide is ní raibh aon oidhre ar a mhaide féinig ach maidín draíochta. Caitliteach cruthanta, cráifeach, creagchréachta, críochnaithe iar-Chaitliteach dob ea é agus meas de gach sórt aige ar chraobhacha an Chonartha agus grá aige don bhfia Dolorosa, grá aige don via negativa agus grá aige don rud is seasmhaí amuigh: Viagrá. Dob é seo an chiall nár baineadh a bhóna de riamh nuair a théadh sé chun soip (nó a charbhat fiú), in ainm na Searbh aoise. Pé ar bith in Éirinn é, bhí fáinne fí cengailte den gcarbhat uime, suaitheantas a chiallaigh don saol Fódlach agus Fódanna móna eile amuigh go raibh dhá theanga féna phluic aige. Ach i dtírín deoranta a anama istigh, níor mhair ach taibhreamh aoibhinn aonchraobhíneach na haonteangachta.

Sea, bhí go maith is ní raibh an Hulk- maicín eile leis -ach buailte isteach chuige ar chiumhais na leapan nuair a bhraith sé, bhraith sé spreabhaoidí agus lagachair ag téaltú uime. Bhí cúrsa scríbhneoireachta curtha de aige sa Státsearbhais is thuig sé go maith go dtosaíonn scáil mhaith ar maidin, maireann lá nó ceithre uaire ar fhichid ar a mhéid (de réir ríleacha Claisiceacha na Seirbhíse) is tarlaíonn an t-aicsean ar aon lantán amháin. Fén dtaca seo is léir don dáil go raibh sé ag obair sa Roinn Aistriúcháin agus ana-mheas aige ar an bhFiannaíocht, Oscar an Fhiántais go háirithe. Go rí-rá-is-go-rúille-búille-mhinic bhuailtí teoiric radamandádaíoch didilí-aye-dí-déirí-óch na hÉstheticismeachteolaíochtúileacht-ness anuas mar ábhar cainte ages na héin aistreáin a bhailigh lasmuigh de Roinn an Aistrithe a bhí dí-lárnaithe ó chúl báire go lár páirce i ndeireadh na Dála a bhí suite i mBaile Ghliobach a bhí buailte go dona le Ráth Chairn agus fiabhras an dtaca úd. Chuir sé spéic ar a líon tí ó chluthaireacht na leapan amach:

“Nuair a thána don Státseirbhís an chéad lá cuireadh agallamh beirte is eagla orm is baineadh geit is bríste díom go dtí go rabhas feistithe suas go maith acu, scriosta is oiriúnach chun Seirbhíse. Dúradar liom dul ag obair dom féin sa Rinn ach ní raibh ionam corraí a thabhairt nó tábhairt fén chicken curry is dúradar liom gur fearr rith ná drochsheisreach is thuigeas go maith an stiúir a bhí fúthu agus Cór Chúil Aodha agus na gaoithe liom siar, bhaineas cor as an ngiorria is faid is a bhí seo uile ar siúl bhí ligeadóirí is casadóirí státúla ag saothrú go dtáinig casadh sa tsúgáin is thugas fém steip chun bóthair. San am san ní raibh aon chaint ar bhónaí fides nó trácht ar na sráideanna nó carbhait fiú agus chaitheas suas agus amach, gamhain is tobac, béile is éadach agus dhá lá sara bhaineas an Roinn amach in aon chor. Dob é an chéad phost a fuaireas ná obair Chléirthigh agus thugas fém’ chúramaí sa Roinn Tólamhaíochta, Cúrsaí an Lae, Reatha is Samhraidh. Chruthaíos go maith ansan agus dúradh liom an mhaidin dár gcionn ‘meacht go Cléire chun barrafeabhais a chur arm’ scileanna Cléireachais. Nuair a thána go Cléire an chéad lá bhí rud amháin ana-shuaithinseach agus thógas ceann díofa. Fáinní fí glaoití orthu rud a d’oibríos amach lá sa giomnásiam dom féin agus na fáinní fite fuinte so buailte umúmpa ar shearbhóntaigh uile an Stáit ar an oileán iathghlas san. Chuireas rugger i gcluais an bhugair a bhí suite im’ aice agus ráinig gurb é mo leathbháideoir, Balor Ó Súilamháin a bhí ann

“Cad chuige nó cad fé ndear nó cad é an chiall nó canathaobh nó cad is cúis leis na fáinní fí seo bheith fite anuas ar shearbhóntaí uile an Stáit?”

“Ceist mhaith,” uaidh “agus is léir go bhfuil aiteachas ort agus an té a fuair puinn oideachais riamh is ait leis nuair a chíonn sé nithe suaithinseacha agus is maith liom gur chuiris a leithéid de cheist chugham.”


Uaidh ansin,“ Tá scéal cloiste agam a mhíníonn an scéal seo agus d’fhéadfainn an scéal a reic chughat. I dtigh Maurice Ginné a bhíos nuair a chuala Ó Dhileagra réamhthaifeadta an scéal seo, an oíche úd i mBeithil. Gheallas ná sceithfinn choíche an scéal le duine, deoraí nó freineolaí na páirte. ...ach sin scéilín eile " ar sé, is thosaigh sé ag mogallú chun raice. “Tá Ranna uile an Stáit feicthe agam ó chédthána don oileán so ach dob é an Roinn is déine orthu san uile ná na Ranna Cainte”

“ ‘Am Briathar” a dúrt is d'fhreagair sé le caolchúiseacht an Íosánaigh.

“Ní hea a fhir mhaith... tosóm leis an intriacht mara miste leat”.
Dheasaíos “Ó!” le hionadh agus lean orm le “go maith” débhríoch, dobhriathrach.

Lean sé air ansan is dúrt

“Sea, bhíos ag obair sna Ranna Cainte um an dtaca úd. An mhaidin so ach go háirithe tháinig m’iníonacha chugham an doras isteach, iad ag pusaíl is ag prislínteacht orm agus b’éigean dom na puslaigh a chaitheamh chucu chun an t-árthach a dhíonadh (bhí m’Aintí De Louvian sa tigh lena céile Naoi ar saoire ar feadh daichead lá is oíche agus bhí faitíos uirthi ná staonfadh na gearrachoilligh den bpriocadh san choíche). Tháinig lagú ar an ngol tar éis do Joe na díle an tigh a fhágaint agus bhí chuile ainmhí beo istigh ag tuar ceatha. D’eachtraigh Clare, Shannon is Kerry an scéal a bhí léite acu ar na nuachtáin dom- scéal a tháinig díreach ó bhéal an phubail. Thángthas ar cháipéisí Stáit i mbéal an phubail taca ráiseanna na Gaillimhe (Tá nós ages na Fianna dul don Ghaillimh chun alpanna móra raice a bhailiú ann don dTaoiseach). Is léir gur thit an cháipéis airithe seo chun talún nuair a bhí Státseirbheach ag caitheamh faig dó féinig i mbéal an phubail (le tamall de bhlianta anois ní cheadaítear d’éinne tobac ná tóin a chaitheamh sa phubal... Fé their atá na nithe so.) Bheul faid is a bhí Na Fianna laistigh go griothalach ag bailiú alpanna raice don bPartalónach, bhí searbhóntaí an Stáit lasmuigh go caithiseach lena bpípeanna. Nuair a bhíonn an braon istigh fágtar an chiall amuigh agus thit an cháipéis áirithe seo chun talún. De réir na sonraí a bhí breac ar an gcáipéis bhán, bhí dlí nua le bheith i bhfeidhm san oiléan seo feasta."

“Ambaist’” uaimse go traochta mar bhí mo chodladh nach mór tithe díom. Thána an chaint seo chugham uaidh gan ró-mhoill.

“Acht Teangan an dtuigeas tú? Caighdéan Nua a bhí beartaithe ages na Fianna don dtír agus bainfeadh an Acht seo Dinglis as do Dhaingean Uí Chúis Gáire Chugat. Bhí sé beartaithe ages na Fianna óispidéil nua a bhunú ar fuaid na tíre chun an dlí seo a chur i bhfeidhm. Bheadh ortsa d’iníon Kerry d’fhágaint isteach don óisipdéal ar maidin, agus nuair a bheadh sí réidh um thráthnóna ní Kerry a bheadh a thuilleadh chughat ach í ina Ciarraíoch Mallaithe tar éis na hobráide. Ach níorbh shin í an chuid ba mheasa de mar scéal ach drochíde Clare a fágadh sínte ar fhleasc na Dromada... Cláríneach dob ea í tar éis na hobráide. Bhí sé deacair ar na turasóirí aon chiall a bhaint as na comharthaí sóirt a bhain leis an dlí seo agus dá bharra fágadh muintir Ráth Lúirc le carn mór cáise gan díol gan trácht ar Cill Liadáin nó Ceall Víta. Ach ba chuma san mar bhí dlí nua sa tír anois a bhí ullmhaithe ages na Fianna agus na ranna Cainte araon.”

Bhíos cráite aige anois agus d'fhiafraíos dó cén bhaint a bhí ages na scéalta seo uile lena chéilibh?


"De réir a chéile ‘sea tógtar na hárasáin" ar sé. Ghlan sé a sceadamán Ultach is d'fhiafraigh sé díom: "An gcualaís trácht ar an mBrúnach, fear a raibh cónaí air in Inis ‘ic Aoláin lá dár saol? Chuala tú is dócha. Bheul bhí mac aige sin agus Dómhnall a bhí air. D’imigh an mac go Meirice ar long bán ‘gus deineadh Dan Brown de thall (bhí Acht teangan i Meirice leis). Dálta mhuintir uile an oileáin chrom mo dhuine ar scríobh lá agus thána an leabhar so- Cód Dev Inste -uaidh sara raibh deireadh an lae chuige in aon chor (Deineadh The Da Vinci Code de thall, an Caighdeán is Acht teangan). Bheul anois tá seanfhocal i Meirice- chualasa féinig ar an bhfínúin é -nuair a chacann Marvin Gaye cacaid uile. B’shin nua ages na Basket cases seo leis. Baineann scéal an Bhrúnaigh le scéal an Fháinne. Tuigeadh don mBrúnach agus é ag triall go Meirice go raibh an criú ar an dramhlás agus ar an táirne chomh maith agus b’éigean dó rud éicint fónta a dhéanamh chun Fírinne an Fháinne a chumhdach.”

“Ambaiste” uaim. Is chromas aríst ar chodladh.

“Istigh sa dánlann náisiúnta tá pictiúr le Jack B. Yeats agus Men of Destiny is teideal dó. Tá an pictiúr céanna ar dheannchlúdach Chré na Cille leis. Thuig Yeats agus O’ Kine nach raibh ach aon fhírinne amháin ann sa saol Fódach agus go gcaithfí an fhírinne san a cheilt ón mórphobal. An Fhírinne Cheilteach. Bhí Jack B. Yeats cráite leis. Bhí G.B. Shaw ar an eolas fén bhFhírinne so chomh maith agus b’in an chiall a d’fhág sé alpanna móra airgid don dánlann... chun an Fhírinne Cheilteach a chumdach. Bhí Shaw tugtha don chódscríobh agus tá eochair chód an Fhírinne Cheiltigh i gceann des na ráitisí a thug Shaw uaidh agus é ag caint ar chúrsaí teangeolaíochta. D’áitigh Shaw go bhféadfaí an focal Béarla fish a litriú mar ghoti i mBéarla is mhínigh sé sin mar a leanas.


Shamhlaigh sé fuaim an f sa bhfocal fish le fuaim an –gh ag deireadh an fhocail rough... mar F a bhíonn agat i gcónaí, bíodh sé mar roughrouf agat. Ansan shamhlaigh sé fuaim an i sa bhfocal fish le fuaim an o sa bhfocal women mar I a bhíonn agat i gcónaí, bíodh sé mar womenwimen agat. Shamhlaigh sé fuaim an sh sa bhfocal fish le fuaim an -ti sa focal nation, mar Sh a bhíonn agat i gcónaí,bíodh sé ina nationnashion agat. Nuair a d’áitigh Shaw go bhféadfaí fish a litriú mar ghoti dob é a bhí ar bun aige ná daoine a chur dá dtreoir... Óir tuigeadh dóibh siúd a thuig an Fhírinne Cheilteach go bhféadfaí fish a shamhlú le fis na Gaeilge, an Bradán Fish!!!!!!!!


Dhúisigh gleo na gcomharthaí uaillbhreasa mé is chuireas an cheist chuige arís: "cén bhaint atá ag an dá scéal seo lena chéilibh?"

“ ‘Sí fírinne an scéil nach raibh Bradán Fis riamh in Éirinn. Cumadh an scéal san chun an Fhírinne Cheilteach a Cheilt ar Rangers. Burdhúch Feise, sin í an fhírinne ach deineadh san a thruailliú ‘gus deineadh Bradán Fis niamhghlan íon den mBurdhúch Feise. Sara raibh trácht ar Viagra riamh bhí an Bhurdhúch feise sa tír so agus bhí sé de theist amuigh uirthi dá mbeadh aon laoch ábalta í a ghreamú féna bhoilsc agus blúire di a ithe go mbeadh caidé éirí in airde ar a bháillíní fearga go deireadh a shaoil. Is mó laoch a d’imigh chun an bhurdhúch a ghreamú ach níor éirigh le héinne san a chur i gcrích go dtí go ndeachaigh Fionn ar thóir na Burdhúiche is ghreamigh í féna bhoilsc. Bhásaigh sí ar deireadh nuair a thosaigh Nuala á triomú lena cuid filíochta- ceird a bhí Innti trí dhúchas. Ach sara bhlais Fionn in aon chor don mBurdhúch, shleamhnaigh sé is ghreamaigh sé a ordóg inti. Agus ní ordóg na láimhe a ghreamaigh sé inti ach ordóg na coise. Ní túisce san déanta aige ná gur at a ordóg chuige amach agus bhí sé clúdaithe le fochmí mí-nádúrtha. Drochrath a leanann an té a mbaineann ball ar bith dá chorp di seachas a bhoilsc nuair ná bíonn sí cócáilte is réidh chun ite. Foilsíodh an fhírinne seo d’Fhionn ach bhí sé ró-mhall. Is bhí Fionn ciaptha, cráite, craplaithe go bhfuair sé bás fochmaitheach ar deireadh thiar thall.

'Sé freagra na ceiste ná go gcaitear na fáinní seo, toisc gurb eol do lucht a gcaite gur náire shaolta a lean marú na Burdhúiche Feise do Ghael agus a ngaolta intíre, óir dob í an bhurdhúch san a chuir deireadh le coláistí na bhFiann is filíocht na scol. An Fhírinne Cheilteach a ghlaoitear ar an bhfírínne seo agus tá an bunfhírinne náireach seo tá sé saobhaithe ag lucht an Fháinne. Is féidir stair an Fháinne a rianadh siar go hOrdóg Fhinn, toisc go dtosaíonn an focal Ordóg le “O”. Lean an “O” san mhuintir Fhinn as sin amach mar bhí Oisín is Oscar mar shliocht air agus O2-anna leotha-san mar fón póca. Ar deireadh ‘sea beartaíodh gan bacadh leis na hainmneacha céad-Óch ach go bhféadfaí Fáinne Fhinn a chaitheamh ina n-ionad. Samhlaítear an fáinne le Gaeilgeoirí ar na saolta seo ach fáinne fí is ea é sin. Agus muna gcreideann tú an scéal seo cuir ceist ar Ghaeilgeoir fáinneach ar bith mar a leanas:

Cad d’imigh ar Ordóg Fhinn? ‘gus rithfidh sé sna cosa in airde uait !

Óir ní fearann go fianaise.

Q.E.D.

2 comments:

  1. Haigh a Mhuiris - Píosa breá fada anseo agat (is dócha go ndéanfaidh tú léamh Freudach air sin...) Nílim cinnte an gaiscíocht samhlaíochta is cleasaíocht focail atá ar bun agat anseo nó an mian leat rud éigin a chur in iúl don lucht léite. Ní gá (nó ní ceart, b'fhéidir?!) a bheith ag cuimneamh ar an léitheoir agus sinn ag scríobh ach is gá cuimhneamh orthu, áfach, agus sinn ag déanamh eagarthóireachta ar phíosa, é sin nó ní bheidh ann ach féin-shásamh.

    Déanta na fírinne, bhí sé deacair orm dul i ngleic leis an bpíosa seo. Chím an saibhreas atá ann ach ba dheas liom comhartha bóthair anseo is ansiúd. Thaitin an píosa a bhí agat ag an gceardlann go mór liom. Bhí aontacht ann nach mbraithim anseo.

    Cad a cheapann an chuid eile agaibh?

    ReplyDelete
  2. Bheul ar a laghad chuir tú ag gáire mé ar maidin leis an gcead rud a dúraís ansan!

    Maidir leis an bpíosa seo is dócha nach raibh ann ach féinsasamh... an ceart ar fad agat. Is fada an lá ó scríobhas é in aon chor agus theastaigh uaim tuairim nó dhó a fháil ina thaobh agus i ndeireadh na dála is mór agam na tuairimí a thugais uait ansan.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.