31.8.08

Aistriúchán ar dhán le Gabriel Rosenstock. Muiris Ó Meara

Fánaí

A scamaill, a fhánaí,
tús aistir níorbh eol duitse riamh
ná ceann scríbe
ar fán
ach ní ar strae
cén spéir
ar spéir an doichill duitse í
nuair a stopann tú, seal,
chun páirt bheag a ghlacadh
i bhfochraí nó i gcróntráth an lae?

Wayfarer

This child cloud
whose orbits know neither alpha
nor omega
whose wandering
never strays
How could heaven
ever become your limbo
as you pause, just a while,
to sip the morning's or
evening's dew.

30.8.08

Agallamh na Míosa

Ailbhe Ní Ghearbhuigh faoi agallamh ag Eithne Ní Ghallchobhair

Tógadh Ailbhe Ní Ghearbhuigh i dTrá Lí, Co. Chiarraí. Bhain sí céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus bhain sí MA sa Ghaeilge amach ón ollscoil chéanna. Ina dhiaidh seo chaith sí bliain i Nua Eabhrac ag teagasc na Gaeilge. Foilsíodh ailt léi in ‘Beocheist’ san Irish Times agus beidh a céad chnuasach filíochta 'Péacadh' ag teacht amach go luath. Beidh a cuid filíochta á léamh aici ag Féile Imram agus ag Oíche an Chultúir i mBaile Átha Cliath mí Mheán Fómhair.

Cad í an chuimhne is faide siar atá agat ó laethanta d'óige?
Crainn ag luascadh sa ghaoth ar chúl an tí, cuireadh siad chun suaimhnis i gcónaí mé. Agus boladh an adhmaid nuair a cuireadh staighre nua isteach sa tigh mí Mheán Fómhair nuair a bhíos trí bliana d’aois.

Ar léigh tú mórán filíochta nuair a bhí tú i do ghirseach?
Léas mórán rudaí, filíocht ina measc. Leabhair Ghaeilge amháin a léadh mo thuismitheoirí dom agus is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach saothar taitneamhach a sholáthar do pháistí as Gaeilge.

Cén cineál leabhar a bhíonn á léamh agat anois?
Gach aon saghas, úrscéalta den chuid is mó. Léim leabhair as Fraincis anois is arís ionas nach ndéanfad dearmad ar an teanga (chaitheas fada go leor á foghlaim!)

Cén leabhar a chríochnaigh tú le déanaí?
“La Vie Devant Soi” le Romain Gary, scéal gleoite. “An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire” le Biddy Jenkinson, leabhar thar a bheith taitneamhach. Dheineas “The Bell Jar” le Sylvia Plath a athléamh le déanaí agus bhí sé níb' fhearr ná mo chuimhne.

Cé hé/ hí an file is fearr, dar leat? Cén fáth?
Brathann san ar an ngiúmar atá orm. Léim filí INNTI go rialta ach téim siar ar na Dánta Grádha agus Aogán Ó Rathaile chomh maith chun iontas a dhéanamh dá réimse teangan. Aontaím leo siúd a deir go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh tuiscint ag scríbhneoir ar thraidisiún liteartha na teanga ina bhfuil sé/sí ag scríobh. Ní hionann san is a rá nach féidir rud úrnua a chruthú ach é a bheith déanta go tuisceanach.

An gcuirfeá comhairle a leasa ar dhuine atá ag scríobh filíochta den chéad uair?
Tosnaigh anois is ná stop! Táid ann a bhíonn ag caint ar do 'ghuth' féin a aimsiú mar scríbhneoir ach ní aimseoidh tú san gan ualach raiméise a scríobh ar dtús. Tá seafóid fós á scríobh agamsa ach táim ag dul i dtaithí ar an dríodar a aithint ón bhfilíocht anois.

Cén t-am den lá a thosaíonn tú ag scríobh go hiondúil - maidin nó oíche?
Tagann an fhilíocht ist'oíche is cuirim slacht uirthi ar maidin.

An gceapann tú go bhfuil do phearsantacht féin le feiceáil i do chuid filíochta?
Is dócha go bhfuil cuid éigin dem' phearsantacht sa bhfilíocht a scríobhaim ach is tréithe iad a bhaineann linn ar fad: an chuid chiúin, leochailleach sin, nó an chuid a bhrathann ar chomhbhá le daoine, nó dorchacht anaithnid éigin. Tá domhan inmheánach againn go léir. Iarracht atá san fhilíocht friotal a chur ní hamháin air sin ach ar an domhan farainn chomh maith, nó b'fhéidir teacht ar réiteach idir an dá dhomhan.

An mbíonn tú ag scríobh go rialta nó an bhfanann tú go dtí go mbíonn fonn ort?
Bíonn tréimhsí ann nuair a bhím ag scríobh go rialta ach den chuid is mó, breacaim smaoineamh nó líne síos agus chím cad a leanann san.

Ar mhaith leat scéal do bheatha a fheiceáil i bhfoirm leabhair nuair a bheidh tú níos sine?
Níor mhaith!

An gcasann tú ceol?
Seinnim an fheadóg mhór is an consairtín. Nuair a bhíos ar an meánscoil, sheinninn an giotár le cailín eile - saghas acoustic punk a thabharfá air mar genre! Kitt an t-ainm a bhí orainn, cosúil leis an gcarr in Knight Rider. Ba mhór an spórt é; is dócha go rabhamar go hainnis ...

Céard é an ceol is fearr leat?
Bhíos ag cur fúm in Harlem anuraidh agus d'fhoghlaimíos mórán faoin snagcheol. Théinn chuig cúpla club sa cheantar agus b'aoibhinn liom a bheith ag éisteacht leis an gceol beo. Is breá liom ceol traidisiúnta freisin. Thaithníodh ceol rac liom tráth den saol ach tá formhór den chuid a eisítear inniu thar a bheith leamh. Eisceacht is ea The Arcade Fire ach ní thabharfainn ceol rac air sin. I measc na gceoltóirí a chothaíonn mé ar bhonn laethúil tá Nina Simone, Joni Mitchell, Ani diFranco, Leonard Cohen, Martha Wainwright, Tom Waits, Django Reinhart, Kíla, Miles Davis....

Ar fhreastail tú ar cheardlann filíochta riamh? An raibh tú i mbun ceardlainne riamh tú féin?
Ní rabhas riamh i mbun ceardlainne mé féin ach, nuair a bhím in Éirinn, bím ag freastal ar cheardlanna le Pádraig Ó Snodaigh, Pádraig Mac Fhearghusa agus Mícheál Ó Ruairc. Agus, dar ndóigh, bhíos i láthair ag an gceardlann iontach a dhein an cumann s'againne a reachtáil le déanaí! Gabriel Rosenstock a bhí ina bun agus ba mhór an chabhair tuairimí a mhalartú lena chéile. Is mór an tacaíocht atá ar fáil ó lucht na Gaeilge don scríbhneoir óg.

Cá dtéann tú ar saoire?
Costa del Ciarraí... Ní rabhas ar saoire le stáir ach bím thar lear go minic. Chuas ar Erasmus go Rennes, ansan tar éis na céime, bhíos ag teagasc in Bordeaux. I ndiaidh an MA, chuas ag múineadh Gaeilge i Nua Eabhrac; thángas abhaile go hÉirinn i lár an "tsamhraidh”. Is breá liom go bhfuil na deiseanna seo go léir ag lucht na Gaeilge dul timpeall na cruinne, go háirithe leis an Fulbright. Táim ag dul ar ais go Nua Eabhrac ar feadh coicíse ag múineadh le Daltaí na Gaeilge - an dtabharfá saoire air sin?

Cad é an caitheamh aimsire atá agat?
Chaitheas mórán den samhradh seo i gCiarraí agus théinn ag snámh ag Banna nó sa bhFianait go rialta. Murach an aimsir, bheinn tar éis tabhairt faoi na sléibhte agus na cnoic níos mó ach níl aon leigheas ar sin. Is maith liom cócaireacht a dhéanamh leis, nuair a bhuaileann an fonn! Ar ndóigh, is breá liom ceol. Is maith liom fíon dearg ach ní tharraingíonn sé go maith leis an gcaitheamh aimsire eile atá agam: Guinness. An t-am a mheilt i dteannta mo chairde is ea an caitheamh aimsire is fearr liom.


Nuair a bhíonn tú faoi bhrú, céard a dhéanann tú chun do strus a mhaolú?

Is maith liom leigheas malartach agus bím féin ag plé le Reiki agus leis na húscraí bláthanna ar nós Bach. Má táim ag imeacht le craobhacha ar fad ar fad, téim chuig duine éigin i gcomhair seisiún Reiki nó snáthaidphollta.

An imríonn tú spórt?
Seachas dul ag snámh is ag siúl, ní imrím faic.

An ligeann tú scairt asat anois agus arís?
Ní ligim, scríobhaim dán.

Cé hé nó hí an bleachtaire is fearr leat?
Columbo agus an Duinníneach.

An duine fiosrach tú féin?
Ní dóigh liom é. Táim róphríobháideach le bheith fiosrach.

An bhfuil ainmhithe agat?
Níl

An bhfuil spéis agat i gcúrsaí polaitíochta?
Tá. Ba mhór an spórt a bheith i Meirceá le linn na dtoghcán tosaigh. Bhí spleodar faoin bpolaitíocht. Bhraitheas go raibh -is go bhfuil - fíorghluaiseacht ar siúl thart ar Obama. Nuair a bhíos in Bordeaux bhí Sarkozy i gcoinne Ségolene Royale. Bhí díomá orm gur toghadh Sarko. Ní raibh cúrsaí polaitíochta in Éirinn chomh spreagúil lem' chuimhne.

Cad a thagann idir tusa agus codladh na hoíche?
Dearbhán nár úsáideadh
Seic nár lóisteálas
Fineáil leabharlainne ag méadú
Buafhocal im' bhéal.

An bhfuil dán á scríobh agat faoi láthair?
Táim ag scríobh dáin do bheirt chara liom atá ag pósadh.

Cá háit ar mhaith leat a bheith i gceann deich mbliana?
Cois farraige, áit ar bith ar an gcósta thiar.

27.8.08

Dáta don Dialann @ ÓBhéal

Rugadh Gabriel Fitzmaurice i Moyvane, Contae Chiarraí i 1952. Samhlaítear ainm an fhile seo láithreach le Féile Scríbhneoireachta Lios Tuathail ach anuas ar sin, tá breis agus scór leabhar tagtha chugainn ó pheann Ghabriel.

Ar na leabhair a d'fhoilsigh sé tá Rainsong (Dublin, Beaver Row Press, 1984); The Space Between: New and Selected Poems 1984-92 (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta Teo, 1993); The Wrenboy’s Carnival: Poems 1980-2000 (Dublin, Merlin Publishing, 2000);and The Boghole Boys, with an introduction by Bernard O’Donoghue (Cork, Mercier Press, 2005).

File is Gabriel a bhfuil iliomad duaiseanna bainte aige agus ceolteoir is ea é leis. Beidh Gabriel le clos cois Laoi ag an gclub Óbhéal ar an 29 Meán Fómhair.

Tuilleadh sonraí @ http://www.obheal.ie/blog/

26.8.08

Seoladh Leabhair le hEibhlis Ni Dhuibhne


Dé Máirt 16 Meán Fómhair, Toner's Bar, Sráid Bhagóid Íochtarach, 7.00i.n.Saorchead Isteach
Seoladh leabhar agus léamh le tionlacán ceoil ó Alan Burke.

Is aoibhinn an áit é Dún an Airgid - baile nua foirfe agus daoine deasa lonnaithe ann. Útóipe nua-aoiseach. Ach lá amháin téann an leabharlannaí Laoise Ní Bhroin ar iarraidh. An bhfuil dúnmharfóir i gceist? Céard a bhí faoi cheilt ag Laoise? Nochtann Éilís Ní Dhuibhne ealaín agus rachmas sa chúlra - agus an nathair nimhe i bhfolach i bParthas.

Fear tosaigh an bhanna Afterhours ab ea Alan Burke tráth den saol. Seinneann sé le At First Light i láthair na huaire. Is iad an dá albam aonair aige ná On the OtherHand agus Tip of the Tongue. Guth glé aige atá láidir agus leochaileach san am céanna. Tá a shaol mar dhrumadóir tar éis dul i bhfeidhm ar an gcaoi ina seinneann sé an giotár - cuireann a chuid rithimí ar snámh ar thonnta ceoil sinn.

Ta caibidil a haon den leabhar seo le fail anseo @

http://coislife.ie/books/prosebooks/dun.htm

24.8.08

Seoladh Leabhair: Blaiseadh Pinn

Dé Mairt, 23 Meán Fómhair, 6.30pm
THE WINDING STAIR BOOKSHOP
Saorchead isteach
Cé hiad Cumann na Scríbhneoirí Óga is Úra na Gaeilge? An dream is úire atá tagtha ar an bhfód, ar ndóigh – agus bhí sé in am againn! Cheana féin tá a rian fágtha againn ar fhéilte litríochta agus tá an cibearspás ag crith inar ndiaidh! Sa leabhar Blaiseadh ón bhfoilsitheoir Cois Life, beidh deis agat ar ndéantúis próis agus filíochta a bhlaiseadh.


Cumann na Scríbhneoirí Óga is Úra na Gaeilge is an exciting new organisation founded with the aim of giving young and new voices in the Irish language a platform to reach as wide an audience as possible, and has already established an active presence at literary festivals and in cyberspace. Blaiseadh, published by Cois Life, is a vibrant collection of poetry and prose that gives a taste of this dynamic new wave of writers. This reading is the perfect opportunity to experience the ecelecticism and sheer energy of these emerging writers, who will be introduced by leading critic Máirín Nic Eoin.

21.8.08

Scéim Sparánachta d'Ealaíontóirí 2009

Tá an scéim seo dírithe ar ealaíontóirí gairmiúla. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach agat ón gcleachtas ealaíona, ach is gá cuntas beatha a chur ar fáil a thugann léargas ar do shaothar ealaíana go dti seo. Is scéim i seo a thabharfaidh deis don ealaíontóir am a chur ar leataobh chun díriú ar shaothar áirithe ealaíona. Tá cead ag an ealaíontóir iarratas a dhéanamh ar chostaisí maireachtála agus ábhair.
.
Tá foirmeacha iarratas agus sonra iomlana na sceime le fáil ón suíomh http://www.ealain.ie/

18.8.08

Scéalta ar an idirlíon

An bhfuil muid ag iarraidh rud ar nós www.fictionpress.org a chruthú chun ár scéalta a chur ar an idirlíon

16.8.08

An Blag

Ba dheas an rud é bhur gcuid dtuairimí a fháil ar an mblag áirithe seo nó cad chuige an blag s'againne in aon chor dar libh???

An cóir dúinn fógraí a bheith againn ar an mblag faoi mar a bhíodh roimhe seo nó cén saghas ábhair ba chóir dúinn a bheith againn mar ábhar don mblag?? An cóir dúinn fáil réidh leis na fógraí a bhíodh againn go dtí seo ar an mblag nó an bhfuil feidhm nó tábhacht ar bith ag baint leo??? Agus má tá feidhm nó tábhacht leo, cén feidhm í sin go díreach?

Maidir le forbairt an bhlaig an bhfuil aon tuairim agaibh conas a d'fhéadfaí an blag a fhorbairt nó
an bhfuil aon smaointe agaibh ar dóigh libh iad a bheith oiriúnach chuige seo?? Bheadh sé ina chuidiú mór dá bhféadfaimis teacht ar cúpla smaoineamh nua chun slacht a chur ar an mblag ionas go mbeadh sé tarraingteach do léitheoirí eile seachas baill an chumainn agus ábhar ann arbh fhiú dúinn uile é a léamh go riallta.

Más ea an bhfuil aon tuairimí agaibh a bheadh ina chabhair againn chun an blag a fhorbairt?? Agus cad iad na nithe nach fiú dúinn leanúint leo a thuilleadh???

Maidir leis na fógraí a bhíodh againn go dtí seo sílim go bhfuil tábhacht áirithe leo mar deineann siad an blag tarraigteach don té a thagann ag triall ar an mblag an chéad uair mar ar a laghad bíonn ábhar léitheoireachta acu. Chomh maith le sin sílim go raibh cuid de na fógraí úsáideach chun na scríbhneoirí eile a chur ar an eolas faoi imeachtaí, comórtaisí &rl.

Cad a cheapann sibh féin????

12.8.08

Ainm an Chumainn


Tá sé thar am dúinn ainm gearr agus oiriúnach a roghnú don chumann s’againne, seachas ‘CSOUG’! Má tá aon mholadh agat, breac síos anseo é agus mínigh é más gá.

Club Leabhar an Chumainn


Tá sé ar intinn againn leabhair na mball a léamh agus anailís a dhéanamh orthu as seo amach - leabhar nua gach dara mí. Tosóimid le An Tairiscint scríofa ag Proinsias Mac a'Bhaird agus pléifimid an leabhar ar an mblag. Más spéis leat páirt a ghlacadh ann, beidh ort cóip den leabhar a fháil. Mura mbeidh tú i Siopa Leabhar, téigh chuig www.litriocht.com/

7.8.08

Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig 2008-2009


Comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig, Droim Conrach

Cuirfear tús an fómhar seo le Scéim Cónaitheachta do scríbhneoir Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, scéim trí bliana atá comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig. Fáilteofar roimh iarratais ó scríbhneoirí Gaeilge ar an bpost mar Scríbhneoir Cónaithe don bhliain acadúil 2008-2009.

Tuilleadh eolais le fáil ag: www.spd.dcu.ie/vacancies

1.8.08

Comhar ar ais


Ba mhór an chéim siar do scríbhneoireacht na Gaeilge é nuair a chaill an iris Comhar a maoiniú anuraidh. B’éigean di éirí as foilsiú, agus chaill scríbhneoirí is leitheoirí na teangan acmhainn ríthábhachtach. Ach tá maoiniú ar fáil di aríst, agus beidh Comhar ag teacht amach athuair gach mí ó Dheireadh Fómhair seo chugainn ar aghaidh.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh den chion a rinne Comhar i bhforbairt na litríochta i nGaeilge ó tháinig sí amach den chéad uair i 1942. Is beag scríbhneoir Gaeilge nár foilsíodh saothar leo san iris, agus is mór acu a fuair a dtús inti. Ach ní thig le Comhar ná iris ar bith a bheith beo ar ghaiscí na staire: caithfidh sí nuascríbhneoireacht a chothú agus a chur ar fáil i gcónaí.

Is dúshlán é sin nach féidir a thabhairt gan scríbhneoirí nua breathnú ar an iris mar rud a bhaineann leo féin. Daoine a bhfuil rudaí le rá acu, smaointe le nochtadh acu, tuairimí le plé acu, tá Comhar ann dóibh mar ardán. Tabharfaidh sí deis dóibh a n-ealaín a shaothrú agus a chur os comhair lucht léite (agus roinnt euro a shaothrú dóibh féin san am céanna!).

Tá scríbhneoireacht den uile chineál de dhíth orainn. Tá gearrscéalta ag teastáil, agus sleachta as úrscéalta atá idir lámha. Tá dánta ag teastáil, agus saothar drámaíochta. Tá léirmheastóireacht ag teastáil, mar tá léamh cúramach agus tuairim ghrinn tuillte ag údair. Tá aistí uainn a phléifeas scríbhneoirí Gaeilge ár linne féin agus na nglúinte romhainn. Tá muid ag iarraidh altanna ar chúrsaí an tsaoil, idir cheisteanna polaitiúla sa mbaile is i gcéin agus chúrsái spóirt, ceoil, caitheamh aimsire is eile.

Tá doras Comhar ar oscailt do scríbhneoirí nua, mar sin. Má tá rud maith scríofa agat, cuir chugainn é. Mara bhfuil agat ach smaoineamh a ba mhaith leat a phlé tuilleadh, abair linn. Má tá eolas agat ar ghné ar leith den litríocht nó den smaointeoireacht, roinn linn é. Is é comhar@eircom.net ár seoladh ríomhphoist: téigh i dteagmháil linn.

Aindrias Ó Cathasaigh
Eagarthóir Comhar