18.11.07

Betty Furlong

Is dóigh gurb é an chéad rud ar cheart dom a dhéanamh ná mé féin a chur in aithne daoibh… níl mé ar aon bealach go maith aige seo, ach cur suas liom ar feadh scaithimh le bhur dtoil!

Caithfidh mé a chinntiú –gur ainm cleite í Betty Furlong. Níl ‘sí’ i bhfad ar an bhfód ach an n-oiread liom féin mar fhile!

Ar bhealach tá súil ’am nach n-aimseofar a bpearsantacht trína bhfilíochta amháin ach le h-am ar an mbóthar nua seo atá beartaigh amach ’am ‘dí’ i dteannta le C.S.Ó.

Go mbeidh cairdeas de shaghas éigin eadrainn, le siúil ’amsa go bhfaighidh sibh sásaigh éigin ins an bhlag seo agus as an bhfilíocht, go mbeidh fonn oraibh filleadh arís is arís eile (Ní níl mé ag cur brú oraibh ná tada!).

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le C.S.Ó as ucht bun-chloch foirfe a leagan síos do mo leitheadas an Novice ceart, chun mo chuid filíochta atá ar shaghas, ‘shaky’ a chur faoi bhráid daoine eile.

Maidir le bhlag a rith gan fadhb sin scéal eile ’s brón orm riamh réidh má níl sé suas chun dáta!

Mise agus mo samhlaíocht amháin a Chairde, eochair na bhfilíochta seo a leanas… agus is mise amháin atá freagrach as ucht na botúin atá iontu (agus caithfidh mé admháil go bhfuil go leor, ach mar a ndeirtear i mBéarla ‘Don’t hold it against me’).

Bain sult is tairbhe as, go dtí aríst…

Betty 2007.

11.11.07

Léirmheas ar "Shaoire" le Pádraig Standún

Úrscéal é seo a leanann na caidrimh achrannacha idir theaghlach nua-aimseartha a théann ar saoire chuig an gCréit. Feicimid tarlúintí na tréimhse ó thaobh na gcarachtar uilig de: Tomás, ollamh meánaosta atá díreach scartha óna bhean chéile, Rosemarie, a iníon atá ag druidim le deireadh na ndéaga agus Stephanie, a chailín.
Is saonta, oscailte an phearsantacht atá ag Rosemarie, agus feidhmíonn sí mar bharaiméadar ar a bhfuil de theannas sa scéal. Ní gan stró ar fad atá an gaol idir ise agus Stephanie, ach feicimid an nasc eatarthu ag daingniú de réir mar a thuigimid na cosúlachtaí idir an mbeirt. Cuirtear carachtair suimiúla eile in aithne dúinn – cara Rosemarie, Majella, agus an t-oibrí beáir, Yannis, mar shampla – ach is é féininiúchadh Thomáis an ghné is spéisiúla den scéal. Gluaiseann sé ó dhoilíos go domhaintuiscint go mall tomhaiste agus is breá taitneamhach an chaoi a atheagraíonn sé a chuid luachanna is a chuid tosaíochtaí ar deireadh thiar thall.
Mholfainn an t-úrscéal beoga seo do chách, mar pléann sé go críochnúil le pléisiúir agus le dúshláin an tsaoil i dtaca leis na hógánaigh is leis na tuismitheoirí de araon. Tá neart grinn le blaiseach ó thosach deireadh, agus cé go bhfuil an plota simplí a dhóthain, bogann imeachtaí an scéil ar aghaidh go mear. Rogha thar a bheith oiriúnach, mar fhocal scoir!

8.11.07

IMRAM 2007

Ghlac muid páirt i bhFéile Litríochta IMRAM i mbliana, le filíocht á léamh ag Muiris Ó Meara agus Scott De Buitléir, agus gearrscéal ó Majella McDonnell. Bhí an t-amhránaí Colm Ó Snodaigh ann fosta chun roinnt amhrán a sheinnt dúinn, chomh maith le píosaí óna leabhar féin. Buíochas mó le Ríona Nic Congail agus Liam Carson as ucht as seans iontach seo!
Ó Chlé: Muiris Ó Meara, Scott De Buitléir, Majella McDonnell, Ríona Nic Congail, Colm Ó Snodaigh